29.3.11

Tá an foirgneamh is gránna a tógadh riamh...

...díreach trasna an bhóthair ó mo theachsa. Seo é an radharc ó fhuinneog mo sheomra. Ní mór dom breathnú air chuile mhaidin nuair a osclaím na cuirtíní. Eurghhh.


An bhfaca tú aon áit chomh gruama gránna riamh? 'Sé an t-aon fhoirgneamh a bheadh níos deise dá gcrochfaí clár mór fógraí air. Is é Club Coimeádach atá ann, a bunaíodh chun iar-oibrithe na nduganna a mhealladh chuig an Phairtí Coimeádach. Bunaíodh go leor clubanna mar seo thar timpeall na Ríochta Aontaithe agus, de réir mar a thuigimse, tá Club (conspóideach) Coimeádach fós i mBÁC. Is cuimhin liom daoine ag gearán faoi ar Joe Duffy, toisc gur gá fós bheith i do Phrotastúnach sula ligtear duit bheith i do bhall. Ar a laghad, tá an club Bleá Cliathach lonnaithe i sean-fhoirgneamh deas i ndeisceart na cathrach.


Ar ais chuig mo chlub féin. Ní amháin go milleann sé ár sráid, Burt Street, ach tá sé chomh gránna ar an taobh eile chomh maith. Sin í fuinneog mo sheomra thar an doras dearg.


Radharc eile anseo don dá thaobh. Is dócha gur Flatiron Building Caerdydd atá ann!

Chun deireadh a chur leis an mír seo, agus leis an gclamhsán, seo daoibh radharc eile ó chúl an tí. Ahhhh, tá fáilte mhór roimh na bláthanna sin arís. B'fhearr dom stop a chur leis an mblagadóireacht, agus tús a chur leis an ngarraíodóireacht!








5 comments:

  1. Sé an t-aon fhoirgneamh a bheadh níos deise dá gcrochfaí clár mór fógraí air.

    ASG! Nó bleaist mhór graifítí!

    ReplyDelete
  2. Ar an lámh eile, nach féidir breathnú air mar ghairdín ingearach Zen? Spiorad an fholúntais?

    No? Oh well.

    ReplyDelete
  3. Ar a laghad, níl tú i do chónaí san fhoirgneamh sin, a John! Chaithfeadh sé go bhfuil sé iontach dorcha istigh ann.

    ReplyDelete
  4. @ 'spiorad an fholúntais': rinne mé dearmad a rá go mbíonn karaoke ar siúl ann chuile oíche Sathairn, lena leithéid de 'hits' "Hot Stuff" agus "Tiger Feet" ag bleaisteáil os ard uaidh go moch ar maidin. Ní bhíonn mórán Zen le fáil ansin!

    @ Áine: ar a laghad, dá mbeinn i mo chónaí ann, ní bheadh orm breathnú amach air gach lá! An fearr maireachtáil i bhfoirgneamh gránna ar sráid álainn, nó ar sráid ghránna i dteach álainn?!

    ReplyDelete
  5. Ceist mhaith!

    Dá mbeadh teach deas agat, is dócha gur chuma leat faoin tsráid, ach, an méid sin ráite, dá mbeadh radharc na sráide go hálainn, b'fhéidir gur chuma leat faoin teach...:-)

    ReplyDelete