3.7.12

F**UC*!!

Ní cuimhin liom riamh seachtain i mo shaol a bhí chomh FLIUCH is atá sé i gCaerdydd an tseachtain seo. In ainm Dé, níor stop sé ón Domhnach agus tá tuilleadh geallta go dtí an Domhnach seo chugainn. Ní hé nach bhfuil taithí agam ar an mbáisteach, bhí cónaí orm i nGaillimh ar feadh bliana go leith... ach ní fhaca mé riamh an oiread seo uisce ag stealladh ón spéir gan sos ná faoiseamh. Agus ní hé go dtiteann ceath nó dhó i ndiaidh a chéile - ní féidir na ceathanna a aithint óna chéile. Éiríonn an bháisteach trom, agus nuair a chreideann tú nach bhféadfadh sé a bheith níos measa, éiríonn an bháisteach níos troime fós.

Beidh mé ag filleadh ar an sean-fhód ar maidin, chun dul chuig bainis mo charad i gCill Mhantáin ar an Déardaoin. Mo thrua don lánúin... is cinnte go mbeidh lá fliuch acu. Caithfidh mé cuairt a thabhairt ar Eas Powerscourt agus mé sa cheantar. Déarfainn go bhfuil sé ag sreabhadh leis go láidir an tseachtain seo.

Bhuel... ní bhíonn néal gan ghealán...

1 comment:

  1. Aimsir “shuimiúil”. Deirtear go mbeidh níos mó di ann sna blianta atá romhainn.

    ReplyDelete