3.11.12

Tuilleadh Gaeilge san IT

Luaitear san Irish Times inniu go mbeidh dearadh nua ar an nuachtán amach anseo, ag tosnú Dé Luain seo. Beidh an nuachtán níos caoile (órlach níos caoile de réir dealraimh), athrófar na míreanna beaga nuachta a bhíonn le feiceáil ar chlé anois go dtí bun an phríomhleathanaigh, agus beidh tuilleadh nuachta ón domhan mór le fáil ag tús an nuachtáin. 

Ach an rud is spéisiúla faoin athrú seo, dúinne a bhíonn ag plé scéalta agus nuachta as Gaeilge, ná go mbeidh leathanach iomlán Gaeilge san IT gach Céadaoin as seo amach. Seo mar a chuirtear síos air sa pháipéar inniu:

Irish language coverage is being expanded, with more news, interviews and features written by our correspondents, and featuring in its own standalone page on Wednesdays.

Fianaise go bhfuil an t-éileamh ar scríbhneoireacht Gaeilge ag fás? Nó iarracht shiniciúil  dul san iomaíocht le Foinse - a bhíonn le fáil, Dé Céadaoin freisin, leis an Irish Independent

4 comments:

  1. Beidh le feiceáil an bhfuil níos mó Gaeilge ann dáiríre. Tá deireadh á chuir leis na colúin ar an Máirt agus an Déardaoin, nó le bheith cruinn tá siad ag bogadh go dtí an Céadaoin. (Lá a fhoilsítear Gaelscéal freisin, dála an scéil)

    Nílim tógtha leis an smaoineamh. Taitníonn an píosa gach lá liom; b'fhearr liom dá gcuirfí alt ar an Luain agus Aoine leis (ach ní mór dom a admháil gur ar líne a léim na hailt - is fada ó cheannaigh mé nuachtán ar bith, ceal deis é a léamh i gceart)

    ReplyDelete
  2. Aha, nach trua é sin, a Aonghuis. Cheapas gur infheistíocht bhreise sa teanga a bhí ann, seachas a bheith ag bogadh altanna timpeall.

    ReplyDelete
  3. Bíonn 'fáth' le gach rud a déantar sna méain, feictear dom, a John..:-)

    ReplyDelete
  4. Cheannaigh mé an IT ar maidin, agus caithim a rá go dtaitníonn an t-athdhearadh liom. Beagáinín cosúil leis an Guardian - níos caoile agus tuilleadh dathanna agus pictiúirí. Níos 'glaine', faoi mar a déarfadh na dearthóirí.

    ReplyDelete